FÚINN

1. Grúpa Stiúrtha Oidhreachta Chiarraí do Thaifid Reiligí
Tháinig Grúpa Stiúrtha Oidhreachta Chiarraí do Thaifid Reiligí le chéile in 2010 chun an tionscnamh seo amháin a chur chun cinn. Tá Grúpa Stiúrtha Oidhreachta Chiarraí do Thaifid Reiligí comhdhéanta de Forbairt Chiarraí Thoir agus Thuaidh, IRD Dhúiche Ealla, Páirtíocht Forbartha Chiarraí Theas, Meitheal Forbartha na Gaeltachta agus Comhairle Contae Chiarraí.


2. Cúlra:
Tá breis is 140 reilig á rialú nó in úinéireacht ag Údaráis Áitiúla Chiarraí faoi láthair.

Tá mionsonraí ar adhlacthaí i reiligí na n-údarás áitiúil i gcláir na n-adhlacthaí agus is uirlis úsáideach iad le cabhrú le taighde gineolaíoch.

Tá sinsir mhórán eisimirceach ó Chontae Chiarraí curtha san reiligí seo. Bíonn teaghlaigh go rialta ag iarraidh féachaint ar na taifid adhlacthaí nó teacht ar an reilig chuí sula dtagann siad ar chuaird don Chontae.

Is ag cuimhneamh air seo a bhí Grúpa Stiúrtha Oidhreachta Chiarraí do Thaifid Reiligí nuair a thugamar faoi Thionscadal Scanaithe agus Innéacsaithe i 2010.


3. An Tionscadal
B’é phríomhaidhm an tionscadail ná scanta ardchaighdeáin ar chláir adhlacthaí a tháirgeadh.

Chaomhnaigh sé seo na buntaifid, atá anois ar fad ar stóras i Rannóg Cartlainne na Leabharlainne Contae, atá suite i dTobar Mhaigh Dor, Trá Lí, Co. Chiarraí. B'aidhm thánaisteach an tionscadail ná na taifid a innéacsú do Chomhairle Contae Chiarraí ar mhaithe le suíomh idirlín úsáid-fabhrach a chruthú chun deis a thabhairt don phobal féachaint ar na cláir saor in aisce.

Déanadh innéacsú ar thaifid ag teacht le critéir réamhcheaptha agus sa tslí sin baineadh amach an príomhsprioc, sé sin suíomh idirlín a chur ar fáil chun deis poiblí a thabhairt teacht ar thaifid adhlacthaí thar an idirlíon.

Ar lorg próisis tairisceana in 2010, roghnaíodh Data Processing Agency le scanadh a dhéanamh ar 168 Clár agus roghnaíodh Lendac Data Systems le hinnéacsú a dhéanamh ar thart ar 70,000 taifead.

Dhear agus d'fhorbair Rannóg na Teicneolaíochta Faisnéise de Chomhairle Contae Chiarraí an suíomh idirlín i bpáirt le Rannóg na Reiligí de Roinn na Seirbhísí Uisce.

Is féidir le taighdeoirí adhlacthaí i reilig a chuardach de réir sainchritéir nó tig leo féachaint ar chlár iomlán sa bhunfhormáid.

Bíonn iontrálacha maidir le haois, cúis bháis, céim/slí bheatha/gairm bheatha ar uair a bháis agus stádas pósta an mhairbh sna bunthaifid. Is minic a leithéid d'fhaisnéis úsáideach do thaighdeoirí, go háirithe i gcás sloinnte atá coitianta.


4. Cruinneas sonraí agus Taifid nach bhfuil ar fáil
Níl tuairisc ar gach uile taifid adhlactha i Reiligí na nÚdarás Áitiúil ar an suíomh seo agus is cóir glacadh leis gurbh ionainn na taifid atá ann agus an méid a bhí ar fáil don tionscadal seo. Ar an drochuair, seans nár coimeádadh taifead ar an gcéad dul síos nó gur cailleadh nó scriosadh leabhair i gcaitheamh na mblianta.

Níl Údaráis Áitiúla Chiarraí freagrach as aon iontrálacha míchruinne nó easnamhacha.

Níorbh iad lucht leighis a iontráladh cúiseanna báis agus níor cheart glacadh leo mar chúis mhíochaine ar bhás.

Cuirfear breis taifead leis an suíomh ó am go chéile le deimhin a dhéanamh de go gcaomhnaítear taifid agus go mbeidh siad ar fáil do na glúinte atá le teacht.

Níl taifid ar an suíomh ar adhlacthaí i reiligí le hEaglaísí ná i reiligí in úinéireacht phríobháideach.

Nuair a theastaíonn ó dhuine don bpobal adhlacadh duine den gclann nach raibh cláraithe sa leabhar adhlactha a chlárú go foirmeálta, ba cheart dóibh scríobh go dtí an Rialtas Áitiúil cuí leis an eolas riachtanach.

Más mian le duine den bpobal go ndeineadh an t-údarás áitiúil nóta ar chúis an bháis, mar atá ar an taifead adhlactha, ní mór d‘ionadaí dlíthiúil an mharbháin an teastas báis cuí a chur go dtí an t-údarás áitiúil cuí.

Sa chás nach bhfuair an Cláraitheoir síniú an duine atá freagrach as an adhlacadh a bhainistiú, cuireadh ainm an duine in áit a shíniú ar na Cláir.

Déanfar clár ar leith a choimeád ar iontrála dá leithéidí agus cuirfear iad ar an suíomh idirlín i gcaitheamh na haimsire.


5. Úinéireacht Taifead

Le hÚdaráis Áitiúla Chiarraí amháin na taifid ar an suíomh seo agus ní ceadmhach d'aon pháirtí iad a atháirgeadh ná a dhíol.